Articles

  • 1 week ago | irishtimes.com | Alan Titley

    Nuair a bhí staidéar beag éigin á dhéanamh agam ar chanúintí na Gaeilge fuaireas amach go raibh go leor leaganacha den fhocal ‘teach’ ann. Is é ‘tigh’ a bhí agamsa óir is i gceann díobh a raibh cónaí orm, agus rud éigin cosúil le ‘toigh’ sna críocha ó thuaidh a bhí i bhfad uaim. Bhí sin ceart go leor, óir thig le duine trí leagan den fhocal céanna a choimeád sa chloigeann is dúire. Ach b’í an uimhir iolra den fhocal céanna sin ‘teach’ a chuir mearbhall go brách orm.

  • 1 week ago | tuairisc.ie | Alan Titley

    Dánta idir Shean agus Nua New and Selected Poems Áine Ní GhlinnAistriúcháin le Theo Dorgan Ní file ródheas í Áine Ní Ghlinn. Ar eagla na míthuisceana, is é sin, ní filíocht dheas chompordach shábháilte a chumann sí, filíocht a chuirfidh ar do shuaimhneas tú, a ligfidh duit codladh go sámh gan pioc ar do choinsias. Ach a mhalairt. Cumann sí filíocht le cic a thabhairt duit, le greim scrogaill a bhreith ort, le scéalta daonna de gach toise a insint.

  • 2 weeks ago | irishtimes.com | Alan Titley

    Bhí comóradh agus tinte cnámh á lasadh i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath de bharr an bhua a fuair na Fianna le déanaí. Ní hé cumann Lúthchleas Gael na Fianna atá i gceist agam, curaidh iomána sinsir na hardchathrach 2024, ach an dream a thugann Fianna Thuaisceart BhÁC orthu féin a chloígh an rialtas nuair a gheill siad nár cheart daoine a raibh drochbholadh uathu a ligean isteach sa tseanmhonarcha sa Chúlóg a bhí leagtha amach do dhaoine a lig orthu go raibh dídean á lorg acu.

  • 3 weeks ago | irishtimes.com | Alan Titley

    Ceann de na spóirt dhúchais is coitianta atá againn ná an fhéinsciúrsáil. De réir olagóin an lae ba dhóigh leat go minic go bhfuilimid ar an tír is ainnise ar domhan.

  • 4 weeks ago | irishtimes.com | Alan Titley

    Tá ceithre scór bliain ann ó tháinig deireadh leis an dara cogadh mór barbartha san Eoraip agus comóradh á dhéanamh dá réir i gcuid de na tíortha a rug an bua. Níl an Ghearmáin i gceist iontu siúd cé go n-oirfeadh dóibh cuimhneamh go dóite air i dtréimhse seo a n-atharmála. An socrú a déanadh san ilchríoch trí chéile mar a ritheann de dheasca an uafáis mhair sé socair go leor go dtí gur mheathlaigh an tAontas Sóivéadach agus gur chrom airm Nato ar ghluaiseacht soir.

Contact details

Socials & Sites

Try JournoFinder For Free

Search and contact over 1M+ journalist profiles, browse 100M+ articles, and unlock powerful PR tools.

Start Your 7-Day Free Trial →