Articles

  • Jan 11, 2025 | tuairisc.ie | John Allen

    Tá tagairt déanta agam minic go leor le cúpla mí anuas do stádas láidir na hiománaíochta in oirthear chontae Chorcaí i mbarúntacht Uí Mhic Coille. Agus cad é mar atmaisféar a bheidh sa gceannáras amárach agus cluichí ceannais iomána na gclubanna sóisir agus idirmheánach ar siúl. Agus mar a tharlaíonn sé tá dhá club ón mbarúntacht chéanna ann agus formhór de mhuintir na bparóistí go léir ag taisteal chuig an ardchathair don ócáid speisialta.

  • Jan 4, 2025 | tuairisc.ie | John Allen

    Tá an traenáil faoi lán tseoil don séasúr úr nua. Tá na pleananna déanta agus misneach I ngach contae go mbeidh dul chun cinn déanta roimh deireadh mí Iúil nuair a bheidh an corn deireanach agus is tábhachtaí á bhronnadh . Ag tosach chraobh na hÉireann beidh seacht bhfoireann déag san iomaíocht ,cúig cinn i gcúige Mumhan, sé cinn i Laighean agus sé cinn freisin i gcomórtas Mhic Donnacha.

  • Dec 28, 2024 | tuairisc.ie | John Allen

    Is fada imithe anois an 21 Aibreán nuair a cuireadh tús le craobchomórtas iomána 2024 agus an 21 Iúil nuair a críochnaigh sé. N’fheadar an raibh mórán ag tús na bliana ná ag tús na craoibhe sin a cheap nach mbeadh Luimneach ag imirt sa chluiche ceannais. Dar ndóigh thosnaíodar an bhliain mar sheaimpíní don cheathrú bhliain as a chéile agus ba iadsan an rogha chun an cúigiú ceann a cur leo.

  • Dec 21, 2024 | tuairisc.ie | John Allen

    Ag tosach shéasúr na gclubanna ní dóigh go raibh mórán a cheap go mbeadh clubanna ó Chorcaigh agus Áth Cliath ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann. Bhuel is iad na Sáirséalaigh agus na Fianna na himreoirí a bheidh ag rith amach ar an fhód ársa sa gceanncheathrú ar an naoú lá déag d’Eanáir.

  • Dec 14, 2024 | tuairisc.ie | John Allen

    Tá ceithre chlub fágtha agus cluichí leathcheannais na gclubanna ar siúl an deireadh seachtaine seo. As na foirne a bhí sna cluichí ceannais cúige coicís ó shin ba iad Baile Gunnair an t-aon cheann a bhuaigh corn Tommy Moore, agus seaimpíní Phort Láirge mar rogha láidir na coitiantachta chun an beart a dhéanamh arís an séasúr seo. Ach tharla an rud nach raibh mórán ag súil leis agus buadh ar chleas na nDéise i gcluiche nach rabhadar riamh in uachtar ann, creid é nó ná creid.

Contact details

Socials & Sites

Try JournoFinder For Free

Search and contact over 1M+ journalist profiles, browse 100M+ articles, and unlock powerful PR tools.

Start Your 7-Day Free Trial →